keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- líne 21
- agus 19
- trádálaithe 18
- trádálaí 17
- thomhaltóirí 14
- fhaisnéis 14
- thabhairt 12
- chun 12
- cheadaíonn 11
- cianchonarthaí 11
- gcrích 11
- bhfuil 11
- seirbhísí 10
- lena 10
- soláthraí 10
- dtagraítear 9
- ardáin 9
- mbaineann 8
- fáil 7
- leis 7
- gcás 7
- soláthraithe 7
- rialachán 6
- mír 6
- airteagal 6
- ardán 6
- chur 6
- aontas 5
- beidh 5
- táirge 5
- úsáid 5
- arna 4
- siad 4
- faoin 4
- déanfaidh 4
- dlí 4
- laistigh 4
- táirgí 4
- gan 4
- eile 3
- bhun 3
- soláthar 3
- fionraí 3
- trí 3
- neamhdhleathach 3
- sonraí 3
- dochar 3
- lonnaithe 3
- airteagal 3
- tréimhse 3
Airteagal 30
Inrianaitheacht trádálaithe
1. Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:
(a) | ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; |
(b) | cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40); |
(c) | mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí; |
(d) | i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin; |
(e) | féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint. |
2. Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.
Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.
3. I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.
I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.
4. gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.
5. Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.
6. gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
7. Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.
Airteagal 32
Ceart chun faisnéise
1. gan beann ar na modhanna a úsáidtear, i gcás ina dtuigtear do sholáthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil táirge nó seirbhís neamhdhleathach á dtairiscint ag trádálaí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas trína chuid seirbhísí, déanfaidh an soláthraí sin, a mhéid a bhfuil a sonraí teagmhála aige, na tomhaltóirí sin a cheannaigh an táirge nó an tseirbhís trína chuid seirbhísí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a) | go bhfuil an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach; |
(b) | céannacht an trádálaí; agus |
(c) | aon mhodh sásaimh ábhartha. |
Beidh an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír teoranta do cheannach táirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha a rinneadh laistigh de na 6 mhí roimh an nóiméad ar tháinig an soláthraí ar an eolas faoin neamhdhleathacht.
2. Más rud é, sa chás dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil sonraí teagmhála na dtomhaltóirí uile lena mbaineann ag soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí sin an fhaisnéis a bhaineann leis an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach, céannacht an trádálaí agus aon mhodhanna sásaimh a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana go héasca ar a chomhéadan ar líne.
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
Airteagal 86
Ionadaíocht
1. gan dochar do Threoir (AE) 2020/1828 nó d’aon chineál ionadaíochta eile faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart, ar a laghad, ag faighteoirí seirbhísí idirghabhálacha sainordú a thabhairt do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas na cearta a thugtar leis an Rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht, eagraíocht nó comhlachas gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) | feidhmíonn sé nó sí ar bhonn neamhbhrabúis; |
(b) | bunaíodh é nó í go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit; |
(c) | tá leas dlisteanach i dtaca lena áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i measc a chuspóirí reachtúla. |
2. Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin arna gcur isteach ag comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo thar cheann fhaighteoirí na seirbhíse trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a phróiseáil agus a chinneadh ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
whereas